|
Fear ag glanadh cré
De ghímseán spáide Sa gciúineas shéimh I mbrothall lae: Binn an fhuaim San Earrach thiar. Fear ag caitheamh Cliabh dhá dhroim, Is an fheamainn dhearg Ag lonrú I dtaitneamh gréine Ar dhuirling bháin. Niamhrach an radharc San Earrach thiar. |
An file féin ag léamh an dáin Mná i locháin In íochtar diaidh-thrá, A gcótaí craptha, Scáilí thíos fúthu: Támh-radharc síothach San Earrach thiar. Toll-bhuillí fanna Ag maidí rámha, Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar ór-mhuir mhall I ndeireadh lae; San Earrach thiar. |
Nótaí Ginearálta:
An File:
Scríobh Máirtín Ó Direáin an dán seo. Rugadh é ar oileán Árann sa bhliain 1910. Chuaigh sé go Gaillimh chun obair a fháil. Chuaigh sé ag obair i mBaile Átha Cliath (sa státseirbhís) ansin. Scríobh sé a lán dánta faoi Árainn. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1988.
Téama: Tá grá áite agus cumha mar théama sa dán seo. Tá an file ag tabhairt cur síos dúinn ar oileán Árann san earrach. Tugann sé pictiúr/íomhá deas dúinn i ngach véarsa a léiríonn an grá atá aige don áit. Tá cumha ar an bhfile. Ba mhaith leis cónaí in Árainn arís ach ní féidir leis.
Tá an óige mar théama sa dán freisin. Is meafar é an t-earrach d’óige an fhile. Chaith sé a óige thiar in Árainn. Bhí óige deas, taitneamhach aige ach anois tá an file ag dul in aois agus ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá cumha air i ndiaidh a óige.
Íomhánna/Pictiúir: Tá pictiúr difriúil i ngach véarsa den saol in Árainn
1. Tá pictiúr sa chéad véarsa d’fhear ag feirmeoireacht. Bhí sé ag tochailt (ag obair) sna páirceanna agus anois tá sé ag glanadh a chuid uirlisí: Fear ag glanadh cré / De ghimseán spáide
Lá breá earraigh atá ann agus tá an áit go deas síochánta. Níl aon rud eile le cloisteáil ach an fear ag glanadh na spáide. (Tá an fhuaim go deas le cloisteáil mar ciallaíonn sé go bhfuil an obair déanta).
Sa gciúineas shéimh / I mbrothall lae / Binn an fhuaim / San Earrach thiar.
2.Tá pictiúr sa dara véarsa d’fhear ag obair ar an trá. Tá sé ag bailiú feamainne do na páirceanna. Cuireann sé an fheamainn i gciseán ar a dhroim: Fear ag caitheamh / Cliabh dhá dhroim / Is an fheamainn dhearg / Ag lonrú
Tá pictiúr den trá clochach atá coitianta in Árainn. Déanann an file cur síos ar an bhfeamainn dhearg ar na clocha bána:
Is an fheamainn dhearg / Ag lonrú / I dtaitneamh gréine / Ar dhuirling bháin
3. Tá pictiúr sa tríú véarsa de na mná ag obair ar an trá. Tá an taoide imithe amach agus tá siad ag bailiú sliogán sna locháin: Mná i locháin / In íochtar diaidh-thrá
Tá a gcuid éadaí fillte suas thar a nglúine acu agus tá a scáilí le feiceáil san uisce:
A gcótaí craptha, / Scáilí thíos fúthu
4. Tá pictiúr sa cheathrú véarsa de na fir ag iascaireacht. Tá an bád lán le héisc agus tá siad ag teacht ar ais abhaile:
Toll-bhuillí fanna / Ag maidí rámha / Currach lán éisc / Ag teacht chun cladaigh
Tá an ghrian ag dul faoi agus mar sin tá dath óir ar an bhfarraige: Ar ór-mhuir mhall / I ndeireadh lae
[Tá gluaiseacht sna pictiúir ó thús go deireadh an lae cosúil leis an téama ón óige go seanaois an fhile. Tá súil aige dul ar ais abhaile ag deireadh a shaoil.]
Atmaisféar: Tá atmaisféar suaimhneach, síochánta sa dán. Tugann an file sraithphictiúir síochánta dúinn den saol in Árainn: Sa gciúineas shéimh.. / I dtaitneamh gréine.. / Támh-radharc síothach..
Tugann sé cur síos ar fhuaimeanna boga, rialta sa chéad agus sa cheathrú véarsa:
Fear ag glanadh cré / De ghimseán spáide..
Toll-bhuillí fanna / Ag maidí rámha..
Úsáideann an file gutaí fada tríd an dán agus cuireann sin leis an atmaisféar mall, síochánta:
Fear ag glanadh cré / De ghimseán spáide
Sa gciuineas shéimh / I mbrothall lae
Mothúcháin: Tá grá agus áthas sa dán seo. Tá a lán grá ag an bhfile d’oileán Árann. Tugann sé cur síos álainn dúinn den saol in Árainn. Cruthaíonn sé atmaisféar síochánta, suaimhneach sa dán a thaispeánann an t-áthas a bhí air in Árainn agus an grá atá aige don áit.
Tá cumha sa dán freisin. Ba mhaith leis an bhfile cónaí in Árainn arís. Ba mhaith leis bheith óg arís freisin.
Struchtúr: Tugann an file sraith pictiúir dúinn sa dán seo.
Tá gach véarsa cosúil le cárta poist nó grianghraf den saol in Árainn – fearais cuimhneacháin. Úsáideann an file línte gearra i ngach véarsa atá cosúil le sruthsmaointe – tá sé ag iarraidh cuimhniú ar gach uile rud faoin oileán, ach úsáideann sé a lán gutaí fada sa dán freisin, a chruthaíonn atmaisféar mall, síochánta.
Tá athrá ag deireadh gach véarsa den líne San Earrach thiar. Cuireann sé béim ar shuíomh agus téama an dáin. Tá sé ag scríobh faoin saol in Árainn agus faoin a óige féin atá thart anois.

Eolas sa bhreis faoin bhfile
|
Ceisteanna agus Freagraí samplacha don Ardleibhéal
Cad é príomhthéama an dáin, dar leat? Léirigh mar a fhorbraíonn an file an téama sin |