|
An Spailpín FánachIm spailpín fánach atáim le fada
ag seasamh ar mo shláinte, ag siúl an drúchta go moch ar maidin 's ag bailiú galair ráithe; ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cleith is píc chun sáite 's go brách arís ní ghlaofar m'ainm sa tír seo, an spailpín fánach. Ba mhinic mo thriall go Cluain gheal Meala 's as sin go Tiobraid Árann; i gCarraig na Siúire thíos do ghearrainn cúrsa leathan láidir; i gCallainn go dlúth 's mo shúiste im ghlaic ag dul chun tosaigh ceard leo 's nuair a théim go Durlas 's é siúd bhíonn agam- 'sin chu'ibh an spailpín fánach!' Go deo deo arís ní raghad go Caiseal ag díol ná ag reic mo shláinte ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla, im scaoinse ar leataoibh sráide Bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill á fhiafraí an bhfuilim hireálta; 'téanam chun siúil, tá an cúrsa fada'- siúd siúl ar an spailpín fánach.
|
Nótaí Ginearálta:
File:
Ní fios cé a chum an dán seo
Téama:
Daoirse agus
éirí amach
atá mar théama sa dán seo. Leis na
péindlíthe
in Éirinn
bhí a lán ‘daoirse’ ag baint leis na gnáth-Chaitlicigh. Ní raibh siad ábalta bheith mar úinéir
ar fheim mhór mar shampla, agus mar sin bhí ar a lán acu dul ag obair mar spailpíní. Bhí
orthu dul timpeall na feirmeacha móra ag lorg oibre. Ní raibh siad sásta faoi seo dar ndóigh,
agus bhí éirí amach i gcoinne na bpéindlíthe agus na huaisle. Sa dán seo tá an file ag rá nach
bhfuil sé sásta bheith ina spailpín fánach a thuilleadh. Tá sé chun troid leis na
croppies
, na
ceannaircigh
, agus saoirse a bhaint amach:
ach glacfad fees ó rí na gcroppies,
cléith is píc chun sáite
‘s go brách arís ní ghlaofar m’ainm
sa tír seo, an spailpín fánach.
Cúlra:
Nuair a bhí na péindlíthe in Éirinn bhí a lán dlíthe i gcoinne na ngnáth-Chaitliceach.
Thosaigh
United Irishmen
ag éirí amach i gcoinne na huaisle agus na ndlíthe seo. Ghlaoigh
na Sasanaigh
croppies
ar na ceannaircigh mar bhí gruaig ghearr acu – siombal i gcoinne na
huaisle sa Fhrainc ag an am.
Mothúcháin:
Tá
fearg
mar phríomhmhothúchán sa dán seo. Tá fearg ar an bhfile mar tá air
dul ag obair mar spailpín. Tá sé ag díol a shláinte do dhaoine nach bhfuil meas madra acu
air -
ag díol ná ag reic mo shláinte...
Bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
á fhiafraí an bhfuilim hireálta
Ba mhaith leis an bhfile troid leis na ceannaircigh agus saoirse a bhaint amach dó féin –
ach glacfad fees ó rí na gcroppies,
cléith is píc chun sáite
Tá sé réidh le daoine a mharú mar tá fearg air faoi chúrsaí mar atá.
Cuireann an t-athrá den ainm
spailpín fánach
béim ar fhearg an fhile freisin. Níl aithne ag
aon duine air ach mar sclábhaí feirme.
Tá a lán
bród
sa dán seo freisin. Tá bród ar an bhfile faoina gcuid oibre. Tá sé go maith mar
fheirmeoir -
i gCiarraí na Siúire thíos do ghearrainn
cúrsa leathan láidir
Tá bród air mar tá sé níos fearr ná go leor eile -
i gCallainn go dlúth ‘s mo shúiste im ghlaic
ag dul chun tosaigh ceard leo
Tá bród ar an bhfile ann féin agus ba mhaith leis a shaoirse a bhaint amach –
‘s go brách arís ní ghlaofar m’ainm
sa tír seo, an spailpín fánach
Cuireann an bród béim ar an bhfearg a mhothaíonn sé go bhfuil air an obair ar fad a
dhéanamh do dhaoine eile.
Íomhánna:
Tá a lán íomhánna sa dán seo. Feicimid an obair a rinne an spailpín. Thosaigh
sé ag obair go luath ar maidin:
ag siúl an drúchta go moch ar maidin
Bhíodh sé ag baint an
fhéir agus ag bualadh arbhair:
i gCiarraí na Siúire thíos do ghearrainn
cúrsa leathan láidir,
i gCallainn go dlúth ‘s mo shúiste im ghlaic
ag dul chun tosaigh ceard leo.
Gheobhadh sé obair ar feadh trí mhí de ghnáth –
‘s ag bailiú galair ráithe
Tá íomhá de na margaidh fostaíochta sa véarsa deireanach. Bhíodh margadh mór ar siúl i
gCaiseal. Bhíodh na huaisle ag teacht ar a gcapaill ag lorg fir a bhí láidir agus sláintiúil:
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
ag díol ná ag reic mo shláinte...
bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
á fhiafraí an bhfuilim hireálta
Muna raibh cuma sláintiúil orthu bhí siad fágtha ar leataobh
ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla,
im scaoinse im leataobh sráide
Bhí ar na spailpíní siúil chuig an bhfeirm ansin, taobh thiar de na huaisle ar a gcapaill:
‘téanam chun siúil, tá an bóthar fada-
siúd siúl an spailpín fánach
Tá íomhá den éirí amach sa dán. D’úsáid na ceannaircigh bataí agus píceanna mar airm,
uirlisí na bhfeirmeoirí:
cleith is píc chun sáite
Athrá:
Críochnaíonn gach véarsa leis na focail
spailpín fánach
. Cuireann an t-athrá seo
béim ar fhearg agus náire an fhile. Níl aithne ag daoine air ach mar sclábhaí feirme:
“sin chú’ibh an spailpín fánach!”
Meadaracht:
Tá meadaracht an amhráin sa dán seo. Tá an fhuaim ‘á’ ag deireadh gach
rélíne a chuireann le ceol an dáin –
sl
á
inte ; r
á
ithe ; f
á
nach