Téarmaí Gramadaí: (Tá níos mó nótaí ar na leathanaigh eile)
1. Ainmfhocal: duine, áit nó rud
mar shampla: fear, baile, peann, Máire, Cabhán, áthas (= rud teibí)
2. Aidiacht: focal ag cur síos ar ainmfhocal
mar shampla: mór, glan, nua-aimseartha
Ní mór don aidiacht bheith ag teacht leis an ainmfhocal i dtaobh inscne agus uimhreach
3. Inscne: Tá dhá inscne i nGaeilge - firinscneach agus baininscneach.
Tá gach ainmfhocal firinscneach nó baininscneach.
Baineann sé le struchtúr an fhocail. Ní bhaineann sé le brí an fhocail
samplaí: fear, cailín, dochtúir = firinscneach ; stail, bróg, bialann = baininscneach
fear mór, cailín beag, dochtúir ciúin ; stail mhór, bróg bheag, bialann chiúin
4. Uimhir: Tá dhá uimhir ann - uimhir uatha = 1, uimhir iolra = >1
samplaí: Uatha = fear, cailín, bróg ; Iolra = fir, cailíní, bróga
fear mór, cailín ciúin, bróg dubh ; fir mhóra, cailíní ciúine, bróga dubha
5. Briathar: focal gnímh
samplaí: bris, tóg, seas, déan, ceannaigh
6. An Chéad Réimniú: briathra le siolla amháin - bris, tóg, cuir, féach
An Dara Réimniú: briathra ilsiollacha - ceannaigh, bailigh, oscail, inis
7. Aimsir: Aimsir Chaite - tá an gníomh thart; inné, aréir, anuraidh, _ seo caite...
Aimsir Láithreach - gníomh rialta; gach lá, go minic, gach __
Aimsir Fháistineach - gníomh le teacht; amárach, __ seo chugainn ...
Modh Coinníollach - gníomh ag brath ar rudaí eile
Aimsir Ghnáthchaite - gníomh thart a tharla go rialta
8. Briathar Saor: Ní fios cé a rinne an gníomh
9. Dobhriathair : focal ag cur síos ar bhriathar
mar shampla: go mall, go tapaidh, go ciúin
10. Réamhfhocal Simplí: focal ag cur síos ar shuíomh an ainmfhocail
mar shampla: ar, ag, sa, faoi
11. Réamhfhocal comhshuite: réamhfhocal le focal eile ag cur síos ar shuíomh
mar shampla: in aice, i lár, os comhair, le linn
12. Forainm: focal a sheasann d'fhocal eile
mar shampla: mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad
13. Forainm réamhfhoclach: forainm agus réamhfhocal le chéile
mar shampla: dom, ort, leis, aici, fúinn
14. Leathan / Caol: Tá na gutaí a,o,u leathan agus tá na gutaí e, i caol
15. Séimhiú: Cuir 'h' tar éis litir - séimhíonn sé (softens) an fhuaim
Urú: Litir a théann roimh litir eile - clúdaíonn sé (eclipses) an fhuaim
16. Uimhreacha áirimh: cé mhéad atá ann? __ amháin, dhá, trí, ceithre, cúig, sé ...
Orduimhreacha: ag cur rudaí in ord - an chéad, an dara, an tríú, an ceathrú...
Uimhreacha pearsanta: an méid daoine atá ann - duine, beirt, triúr, ceathrar ...
17. Tuiseal Ginideach: foirm faoi leith don ainmfhocal i gcoinníollacha éagsúla
18. An Chopail (is): foirm den bhriathar 'Bí'- ceangail idir an briathar agus an t-ainmfhocal