Dís
Bhí Seán agus a bhean sa bhaile le chéile. Ba mhaith leis an mbean caint le Seán ach ní raibh sé sásta caint léi. Bhí Seán ag léamh an pháipéir. Bhí sé tuillte aige, dúirt sé, mar bhí sé ag obair an lá ar fad. Bhí an bhean ag obair sa teach an lá ar fad ach níor thug an fear aon aird air sin. Bhí an bheirt cois tine, bhí leanbh ina chodladh sa phram acu agus bhí stéig ag díreo sa chistin dóibh. Thug Seán píosa den pháipéar don bhean chun í a shásamh. Scread sí go raibh alt sa pháipéar faoin mbeirt acu. Níor chreid Seán í mar ní fhaca seisean é agus ní raibh seisean ag caint le haon iriseoir. Ghlac an bhean páirt i suirbhé. Bhí toradh an tsuirbhé sa pháipéar. Dúirt an suirbhé go raibh ceathrú de mhná pósta míshásta. Bhí an bhean ina measc, dúirt sí. Níor chreid Seán í mar níor chuala seisean í ag gearán riamh. [Chreid Seán na rudaí a bhí sa pháipear. Bhí an páipear níos tábhachtaí dó ná a bhean] Nuair a tháinig bean an tsuirbhé go dtí an teach bhí an bhean crosta le Seán. (Ní raibh aon airgead aici chun sorn nua a cheannach agus níor thug Seán aon aird uirthi.) Bhí sí lán sásta caint le bean an tsuirbhé an mhaidin ar fad mar sin, ag tabhairt amach faoi na fir. Dúirt bean an tsuirbhé go raibh sí ag súil le páiste. Bhí bean Sheáin chun a post a líonadh di nuair a bhí sí ar saoire máithreachais mar ba mhaith léi an t-airgead chun sorn nua a cheannach. Bhí Seán crosta mar dúirt an bhean rudaí pearsanta do bhean an tsuirbhé. Bhí sé crosta freisin mar bhí a bhean chun dul amach ag obair. Bhí sé crosta mar dúirt sí go raibh sí míshona, míshásta. Dúirt an bhean ansin nach raibh sí míshona. D’inis sí bréaga sa suirbhé. Ní raibh suim ag éinne i scéalta faoi dhaoine sona, dúirt sí. Thosaigh sí ag caint ansin faoi stádas na mban. Ní raibh aon rud le déanamh acu nuair a bhí na leanaí agus na fir imithe. Ba chóir iad a dhó ansin, dúirt sí Thosaigh an bhean ag smaoineamh ar na dátaí. Ba chóir go mbeadh an leanbh ag bean an tsuirbhé cheana ach níor chuala sí uaithi fós. B’fhéidir gur inis bean an tsuirbhé bréaga di chun trua a fháil. Bhí an bhean an-chrosta faoi na bréaga. Bhí an fear agus an bhean sa bhaile le chéile. Bhí an leanbh ina chodladh sa phram. Bhí Seán ina chodladh faoin bpáipéar. Bhí an stéig ag díreo sa chistin agus an carr ag díluacháil sa gharáiste. Dúirt sí go raibh sí sásta. Ní raibh suim aige sa scéal a thuilleadh. |
![]()
|